Tá bród mór ar REAL IRELAND a bheith suite i gcroí an Gaeltacht is mó sa tír.
REAL IRELAND is proud to be located in the heart of the countries largest Gaeltacht (Irish Speaking) area.
Tá bród mór ar REAL IRELAND a bheith lonnaithe i gceart lár an cheantar Gaeltachta is mó sa tír. Tá sé mar pholasaí againn margaíocht tír mheín na Gaeilge a dhéanamh ar Éirinn agus creideann muid go bhfuil draíocht faoi leith ag baint leis na ceantracha Gaeltachta mar gheall ar a bhfáiniólacht agus a saintráithe cultórtha. Cuireann sé iontas an domhain ar thurasóirí agus tógann sé a gcroí deis a fháil dul ag taisteal ar na cálbhealtaí. Cuir thusa tús anois le dó chuid pleanála agus ní fios duit cá dtabharfaidh do thriail tú.
We have a policy of promoting Ireland through the use of the Irish language and it is our belief that some of the real magic of Ireland lies within these beautifully unspoilt areas. Getting off the beaten track can surprise and delight any visitor. Begin planning now and you never know where your feet will take you.
Gaeltacht Dhún na nGall
In Iarthuaisceart, Iardheisceart agus lár Chontae Dhún na nGall atá an dara ceantar Gaeltachta is fairsinge in Éirinn. Tá radharcra aoibhinn anseo - sliabh agus mám, loch agus gleann, muir agus tuath. Tá uisce glé glan na Farraige Móire ag tuile agus ag trá ar a cósta creagach agus ar a cuanta agus a hinbhir – dúiche faoi shíth agus faoi shonas le saibhreas oidhreachta agus béaloidis na Gaeilge. Dúiche í ina bhfuil saibhreas cultúir as cuimse agus tuiscint láidir ar a bhféiniúlacht ar leith ag an bpobal a mhaireann inti. Gaeltacht Dhún na nGall – Tá éagsúlacht san áit sainiúil seo. Aimsigh duit féin an bheatha atá fós anseo sa mheascra de chultúr na gCeilteach agus na nGael…
Is í an Ghaeilge gnáth-theanga na muintire a mhaireann agus a shaothraíonn anseo i gcroílár chultúir dhúchais Dhún na nGall. Stórchiste den chuid is fearr dár n-oidhreacht Ghaelach – ceol, amhráin agus rince atá anseo. Ach tá an dúiche féin ina seoid fine ag clanna Gael - tránna glana fothainiúla, oileáin ársa mhara Reachlainn Uí Bhirn, Thoraigh agus Ghabhla; sléibhte mar An Earagail agus páirceanna foraoise, agus locha agus aibhneacha breaclána.
Radharcra agus Rúndacht
Ó Chionn Fhanaide go Baile na Finne, ó Ghaoth Dobhair go Gleann Cholm Cille, ón Clochán Liath go dtí na Dúnaibh tá Gaeltacht Dhún na nGall lán go barra de radharcanna breátha agus de chúilíní rúnda le haimsiú. Tá lóistín den scoth ar fáil ar gach aon leibhéal agus caighdeán. Tá sárluach ar airgead saoire anseo thar aon áit eile in Éirinn in óstáin phríobháideacha, tithe aíochta, sráideanna saoire, páirceanna campála agus carabhán, brúnna agus tithe saoire. Ach is áit chun gníomhaíochta í freisin. Déan do rogha féin as an raidhse, lár-ionaid chaitheamh aimsire, iascach ar na farraigí móra nó intíre, páirceanna eachtraíochta, marcaíocht, dreapadóireacht sléibhe, siúlóid, rothaíocht, turasóireacht, galf, agus ag deireadh an lae ceap do shuaimhneas i dtábhairne ceoil nó i dtolglann sítheach. Tá seo uilig anseo fá do choinne. Agus anois, tá Aerfort Dhún na nGall ar tinneall chun tú a thabhairt anseo go ceartlár na Gaeltachta ar eitiltí réamhcheaptha ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghlaschú.
Donegal Gaeltacht
The colourful areas in Donegal’s NorthWest, SouthWest and mountainous midlands form Ireland’s second largest Gaeltacht region. The Donegal Gaeltacht is a breathtaking land of great mountains and lake-filled valleys fringed by the unpolluted seas of the Atlantic. Fronted by a craggy coastline necklaced with safe, quiet, sandy beaches, here lies a tranquil land rich in heritage and folklore, a land that contains a wealth of cultural strengths, a strong sense of its own identity and uniqueness. The Donegal Gaeltacht is a vibrant and delightfully different experience, still retaining the intermingled cultures of the Celt and the Gael. But don’t take our word for it, come and see for yourself…
Here Irish is the everyday spoken language of a people who live and work in Donegal’s cultural heartland. A treasure house of all that is best in a rich Gaelic heritage of life in times past - of great music, song and dance. But here, also, is a land of stunning beauty. Quiet and unpolluted beaches look out on timeless islands like Rathlin O’Beirne, Tory and Gola. Mountains like the white-faced Errigal stand sentinel over forest parks and fish-filled lakes and rivers.
Scenery and Secrets
From Fanad to Fintown, from Gweedore to Glencolumbkille, from Dungloe to Downings, the Donegal Gaeltacht is full of scenery and secrets for you to discover. Accommodation is excellent at every level. Some of Ireland’s best holiday value is here in fine family hotels, guesthouses, holiday villages, caravan and camping parks, hostels and homes-to-let. But the Donegal Gaeltacht is also an activity place - just pick and choose between ultra modern leisure centres, deep-sea and fresh water fishing, adventure parks, horse riding, mountain climbing, walking, cycling, touring or golf galore and end the day in a Donegal singing pub or quiet lounge. It’s all here for you to enjoy. And now, Donegal Airport, with a daily schedule to and from Dublin, brings you right to the heart of this Gaeltacht holidayland.